BRONNTAÍ AR MHAOINCHISTE  AN CHREIDIMH (#13808)

A Dhia, a Dhia liom! soilsigh éadan an dreama úd a thug grá duit go dílis agus tabhair taca dóibh le sluaite ainglí an bhua dho-earráide. Daingnigh a gcosa i do chosán díreach agus, mar gheall ar do fhlaithiúlacht arbh ann di ó anallód, oscail rompu mórdhoirse do bheannachtaí de bhrí go bhfuil á chaitheamh acu i do shlí ar bhronn tú orthu, agus iad ag cur do chreidimh ar láimh a shábháilte, ag cur a ndóchais ina gcuimhne ortsa, ag tairiscint a gcroíthe ar a ngrá duitse agus gan a bheith ag coinneáil siar uait a bhfuil ina seilbh acu de bharr an  adhartha a dhéanann siad ar d’áilleacht agus na tóra atá acu ar bhealaí le sásamh a thabhairt duit. 
A Thiarna liom! deonaigh dóibh sciar atá flúirseach, cúiteamh atá geallta dóibh agus duais atá i ndán dóibh. Go deimhin, is tusa an Cothaitheoir, an Cúntóir, an Fial, an Tabharthóir, an SíorBhronntach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

